Trainee teachers
Trainee Teachers / Ábhair Oidí
Colaiste Colmcille does courses Ábhair Oidí: Iarchéimithe during Easter and during summer Vacations. These courses are organised through the colleges of education.Ábhair Oidí 2008
Tá áthas orainn i gColáiste Cholmcille cúrsaí den scoth a chur ar fáil d'ábhair oidí chun a gcuid riachtanais oiliúna a chomhlíonadh agus, anuas air sin, le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus le dearcadh dearfach a thabhairt dóibh i leith theanga na Gaeilge.Ina theannta sin beimid ag obair i gcomhpháirt le hAcadamh Ollscolaíochta na hÉireann. Mar chuid den tseirbhís sin, beidh ranganna ríomhaireachta agus cumarsáide (e.g. Powerpoint) á gcur i láthair san Ollscoil féin. (Tá bróisiúr na hOllscoile iniata leis seo.)
Cuirfear cúrsa proifisiúnta ar fáil agus leagfar béim faoi leith ar na nithe seo a leanas: ( teagasc, imeachtaí praiticiúla, áiseanna, suíomhanna cainte agus teicneolaíocht nua-aimseartha. Is í an Ghaeilge chaighdeánach teanga an chúrsa agus ní bheidh aon deacracht chanúna i gceist.
Dátaí na gCúrsaí
Cúrsaí Trí Seachtaine (An Chéad Bhliain, Iarchéimithe agus B.A.
| A | 1ú Meitheamh go 22ú Meitheamh; |
| B | 22ú Meitheamh go 11ú Iúil (go speisialta d'iarchéimithe Choláiste Phádraig); |
| C | 4ú Lúnasa go 23ú Lúnasa. |
Cúrsaí Coicíse ( An Chéad Bhliain, Iarchéimithe, B.A. agus Mic Léinn Eisceachtúla Eile
| A | Cúrsa na Cásca, 16ú Márta go 30ú Márta; |
| B | 10ú Lúnasa go 22ú Lúnasa. |
Is féidir leis na hiarchéimithe agus le daoine eisceachtúla eile sna coláistí éagsúla a ndualgais a chomhlíonadh trí Chúrsa na Cásca a dhéanamh i mbliana agus arís sa bhliain 2009 nó i mí Lúnasa 2008 (Cúrsa 2B thuas). Tá an socrú seo ar fáil do na coláistí oideachais go léir.
Is féidir le haon mhac léinn an dara coicís dá d(h)ualgas a chomhlíonadh sa Choláiste (agus is cuma cén áit ar chomhlíon sé/sí an chéad chuid, ar ndóigh).
Cúrsa Deonach: Tá cead ag mac léinn ar bith cúrsa coicíse a dhéanamh, ar bhonn deonach, um Cháisc faoi choimirce na Roinne.
Táille Chláraithe (trí seachtaine): €90.
Táille Chláraithe (Coicís): €70.
N.B. Lena chinntiú go mbeidh áit ar fáil duit sa Choláiste, ní mór duit an táille chláraithe a sheoladh chugamsa taobh istigh de mhí i ndiaidh an chruinnithe seo.
Le meas,
Dónal Ó Loinsigh
Booking Form
www.colaistecholmcille.com/classified/FoirmIarratasAbhairOidi2008.pdf
Aire: Mic Léinn Choláiste Cholmcille
www.colaistecholmcille.com/classified/PostaerNuaCholmcille.pdf
For more information on course content contact donaloloinsigh@eircom.net. Mobile: 087 267 3702.

